Marcas 5:1-43

5  Tháinig siad go dtí an taobh eile den fharraige, go dtí tír na nGeiriséanach,  agus ar theacht amach as an mbád dó, tháinig faoina dhéin as na tuamaí duine a raibh spiorad míghlan ann  a bhíodh ina chónaí sna tuamaí; agus ní fhéadfadh aon duine é cheangal feasta, le slabhra féin;  óir is minic roimhe sin a cheanglaítí le geimhle agus le slabhraí é, ach shracadh sé na slabhraí as a chéile, agus bhriseadh sé na geimhle, agus níorbh fhéidir le haon duine é smachtú.  Agus bhíodh sé de ghnáth de lá agus d’oíche sna tuamaí agus ar na sléibhte, é ag screadach agus á ghreadadh féin le clocha.  Nuair a chonaic sé Íosa i bhfad uaidh, rith agus d’umhlaigh dó,  agus ag screadach de ghlór ard dúirt: “Cad ab áil leat díom, a Íosa, a Mhic Dé ró-aird? Cuirim ort, as ucht Dé, gan mé a chrá,”  óir bhí sé á rá leis: “Gabh amach as an duine, a spioraid mhíghlain.”  Agus d’fhiafraigh de: “Cad is ainm duit?” Dúirt sé leis: “Léigiún is ainm dom, óir tá mórán againn ann.” 10  Agus bhí sé ag achainí air go crua gan iad a chur as an tír. 11  Bhí, ansiúd ar an sliabh, tréad mór muc ar féarach, 12  agus rinne siad achainí air: “Cuir ag triall ar na muca sinn, go dtéimis isteach iontu.” 13  Thug sé an cead dóibh. Tháinig na spioraid mhíghlana amach agus chuaigh siad isteach sna muca; agus chuaigh an tréad ina ruathar le fána, timpeall dhá mhíle díobh, isteach san fharraige agus bádh san fharraige iad. 14  Theith na mucaithe a bhí ina bhfeighil, agus d’inis siad an scéal sa chathair agus sna feirmeacha. Tháinig na daoine amach go bhfeicfidís cad é an rud é seo a tharla. 15  Agus tháinig siad ag triall ar Íosa agus chonaic siad an deamhnaíoch ina shuí agus a chuid éadaigh air, ina cheartmheabhair, an duine céanna a mbíodh an léigiún ann; agus bhí uamhan orthu. 16  D’inis an lucht féachana dóibh cad a tharla don deamhnaíoch, agus mar gheall ar na muca. 17  Agus thosaigh siad ag achainí ar Íosa imeacht óna gceantar. 18  Ag dul ar bord an bháid dó, rinne an fear a mbíodh an deamhan ann achainí air bheith ina chuideachta, 19  ach ní ligfeadh sé dó ach dúirt leis: “Imigh leat abhaile chun do mhuintire féin agus inis dóibh a bhfuil déanta ag an Tiarna duit agus mar a rinne sé trócaire ort.” 20  Agus d’imigh sé leis agus thosaigh ag fógairt i nDeacapoil a raibh déanta ag Íosa dó, agus bhí ionadh ar chách. 21  Ar theacht trasna do Íosa sa bhád go dtí an taobh eile, bhailigh slua mór ina thimpeall, agus bhí sé le hais na farraige. 22  Tháinig duine de chinn urra na sionagóige, arbh ainm dó Iáras, agus ar a fheiceáil dó, chaith sé é féin ag a chosa 23  agus rinne achainí go crua air ag rá: “Tá m’iníon bheag ar phointe an bháis. Tar agus cuir do lámha uirthi chun go mbeadh sí slán agus go mairfeadh.” 24  D’imigh sé lena chois agus bhí slua mór á leanúint agus bhí siad ag plódú air. 25  Agus bean a raibh rith fola uirthi ar feadh dhá bhliain déag, 26  agus a bhí tar éis mórán a fhulaingt óna lán lianna agus a raibh aici a chaitheamh, agus nárbh fhearrde í é, ach gur mhó a bhí sí ag dul in olcas, 27  nuair a chuala sí scéala mar gheall ar Íosa, tháinig sí taobh thiar de sa slua agus bhain sí lena bhrat; 28  mar dúirt sí: “Má bhainim lena chuid éadaigh fiú amháin, beidh mé slán.” 29  Agus stad an doirteadh fola aici láithreach, agus mhothaigh sí ina corp go raibh sí leigheasta óna gearán. 30  Ach d’airigh Íosa ann féin go ndeachaigh brí amach uaidh, chas sé timpeall láithreach sa slua agus dúirt: “Cé bhain le mo chuid eádaigh?” 31  Dúirt a dheisceabail leis: “Feiceann tú an slua ag plódú ort, agus deir tú ‘Cé bhain liom?’” 32  Agus dhearc sé ina thimpeall féachaint cé rinne é. 33  Ach ó thuig an bhean cad a bhí déanta inti, tháinig sí go critheaglach agus chaith í féin síos roimhe agus d’inis an fhírinne go léir dó. 34  Dúirt sé léi: “A iníon, do chreideamh a shlánaigh thú. Imigh leat faoi shíocháin, agus bí slán ó do ghearán.” 35  Le linn dó bheith ag caint tháinig daoine ó theach cheann urra na sionagóige ag rá: “Tá d’iníon tar éis bháis; cén fáth a mbeifeá ag cur as don Mháistir níos mó?” 36  Ba chlos d’Íosa an comhrá agus dúirt le ceann urra na sionagóige: “Ná bíodh eagla ort; ach amháin creid.” 37  Agus ní ligfeadh sé do dhuine ar bith dul leis ach Peadar agus Séamas agus Eoin deartháir Shéamais. 38  Ar theacht dóibh go dtí teach cheann urra na sionagóige, chonaic sé an callán agus na daoine ag gol agus ag olagón go hard. 39  Agus ar dhul isteach dó dúirt sé leo: “Cén fáth a bhfuil sibh ag déanamh calláin agus ag gol? Ní marbh atá an leanbh ach ina codladh.” 40  Agus bhí siad ag fonóid faoi. Ach chuir sé amach iad uile, agus rug sé leis athair agus máthair an linbh agus iad seo a bhí leis, agus chuaigh isteach mar a raibh an leanbh ina luí. 41  Agus rug sé greim láimhe uirthi agus dúirt léi: “Talitá cúm”—focal a chiallaíonn: “A chailín bhig, deirim leat, éirigh!” 42  D’éirigh an cailín agus shiúil sí thart, mar bhí sí dhá bhliain déag. Agus bhí ionadh agus alltacht orthu. 43  Ach chuir sé mar acht orthu go crua gan a fhios seo a bheith ag aon duine, agus dúirt rud le hithe a thabhairt di.

Fonótaí