Salm 146:1-10

146  Alleluia. Tabhair moladh don Tiarna, a anam liom.  Molfaidh mé an Tiarna le mo bheo;molfaidh mé mo Dhia fad a mhairfidh mé.  Ná cuirigí bhur muinín i bhflatha,ná sa duine trí nach dtagann slánú.  Nuair a scarann an anáil leis filleann sé sa chréagus téann a bhearta ar ceal an uair sin.  Is méanar don té a bhfuil a chúnamh i nDia Iacóib;a chuireann a dhóchas sa Tiarna, a Dhia,  an té a rinne neamh agus talamh,an fharraige, agus gach a bhfuil iontu.An té a sheasann lena bhriathar de shíor;  agus a dhéanann ceart don dream atá faoi chois.Is é a thugann bia don ocrach.Is é an Tiarna a scaoileann na braighdeanaigh.  Osclaíonn sé súile na ndall.Tógann sé suas an dream atá crom.[146:8c] Tugann an Tiarna grá don fhíréan.  Cumhdaíonn an Tiarna an coimhthíoch;déanann sé tacaíocht don dílleachtaí is don bhaintreach.[146:9c] ach cuireann sé slí na bpeacach trína chéile. 10  Beidh an Tiarna i réim go brách,ina Dhia agat, a Shíón, ó ghlúin go glúin.

Fonótaí