Salm 83:1-18
Amhrán. Salm Ásáf.
83 [83:2] Ná bí i do thost, a Dhia;ná bí balbh, a Dhia; ná bí ciúin.
2 [83:3] Óir féach! tá do naimhde ag tógáil clampair;agus tá do lucht fuatha ag tógáil a gcinn.
3 [83:4] Chinn siad ar chomhairle in aghaidh do phobail;chuaigh siad i gcogar in aghaidh aos do ghrá.
4 [83:5] Dúirt siad: “Déanaimis a scriosadh mar phobal;go ndéanfar dearmad ar ainm Iosrael feasta.”
5 [83:6] Déanann siad cogar le chéile d’aon intinn;déanann siad cor agus conradh i do choinne.
6 [83:7] Pubaill chlanna Eadóm agus Ísmeáéil;pubaill chlanna Mhóáb agus Hágár,
7 [83:8] Geabal agus Amón agus Amáiléic;na Filistínigh agus lucht áitrithe na Tuíre,
8 [83:9] Chuaigh an Asaír mar an gcéanna i gcomhar leo;a thabhairt cúnaimh agus nirt do chlann Lót.
Selah
9 [83:10] Déan leo siúd mar a rinne tú le Midián;le Síseará agus Iábaín cois Chiseon;
10 [83:11] an mhuintir a díthíodh ag Éan Dór,a ndearnadh aoileach dá gcoirp ar an talamh.
11 [83:12] Tabhair oidhe Oraeb agus Zéab ar a bhflatha,oidhe Zéaba agus Zalmuná ar a dtaoisigh –
12 [83:13] an drong a dúirt: “Gabhaimis seilbhar pháirceanna Dé mar oidhreacht againn féin.”
13 [83:14] Cuir scaipeadh orthu, a Dhia, mar lóchán;nó mar cháith ag imeacht le gaoith.
14 [83:15] Mar a loisceann an tine an choill,mar a loisceann an lasair na sléibhte,
15 [83:16] cuir an ruaig orthu siúd le do dhoineann;cuir sceimhle agus scanradh orthu le do stoirm.
16 [83:17] Folaigh a n-éadan le náire;nó go n-iarrfaidh siad d’ainm, a Thiarna.
17 [83:18] Bíodh náire agus scéin go brách orthu;go n-éaga siad faoi tháir agus tharcaisne!
18 [83:19] Bíodh a fhios acu gur tú amháin an Tiarna;an Té is Airde os cionn an domhain go léir.