Ceacht 6
Cén Dóchas Atá Ann do na Mairbh?
1. Céard é an dea-scéala maidir leis na mairbh?
Nuair a shroich Íosa Béatáine, in aice le hIarúsailéim, bhí a chara Lazaras marbh le ceithre lá. Chuaigh Íosa go dtí an tuama le Marta agus le Máire, deirfiúracha an fhir mhairbh. Bhailigh slua le chéile. An féidir leat an t-áthas a bhí ar Mharta agus ar Mháire a shamhlú nuair a thóg Íosa Lazaras ón mbás?—Léigh Eoin 11:21-24, 38-44.
Bhí Marta ar an eolas maidir leis an dea-scéala faoi na mairbh. Bhí a fhios aici go dtabharfadh Iehova aiséirí do na mairbh ionas go bhféadfaidís maireachtáil ar an talamh arís.—Léigh Iób 14:14, 15.
2. Cén riocht a bhfuil na mairbh ann?
Rinneadh an duine as an gcré. (Geineasas 2:7; 3:19) Ní spioraid muid, atá inár gcónaí i gcoirp dhaonna. Is créatúir fhisiceacha muid agus mar sin ní mhaireann aon pháirt dínn nuair a fhaighimid bás. Faigheann ár n-inchinn bás freisin agus ní bhíonn aon smaointe againn níos mó. Níor labhair Lazaras faoin rud a tharla dó le linn dó a bheith básaithe mar tá na mairbh gan aithne gan urlabhra.—Léigh Salm 146:4; Cóheilit 9:5, 6, 10.
An gcránn Dia na mairbh le tine tar éis a mbáis? Ós rud é go léiríonn an Bíobla go bhfuil na mairbh gan aithne gan urlabhra is léir gur teagasc bréagach é go bhfuil daoine á ndó in Irimia 7:31.
ifreann, teagasc a dhéanann clúmhilleadh ar Dhia. Cuireann an coincheap go mbeadh daoine á gcrá le tine déistin ar Dhia.—LéighFéach ar an bhfíseán Cén riocht a bhfuil na mairbh ann?
3. An féidir leis na mairbh labhairt linn?
Ní féidir leis na mairbh labhairt ná cloisteáil. (Salm 115:17) Tá aingil mhailíseacha ann agus labhraíonn siad le daoine ag ligean orthu féin gurb iad na mairbh atá ann. (2 Peadar 2:4) Ordaíonn Dia dúinn gan aon bhaint a bheith againn le daoine a bhíonn ag iarraidh teagmháil a dhéanamh leis na mairbh.—Léigh Deotranaimí 18:10, 11.
4. Cé a thógfar ó na mairbh?
Beidh na milliúin duine atá marbh san uaigh ar ais ina mbeo ar an talamh. Beidh aiséirí fiú ag cuid de na daoine nach raibh aithne acu ar Dhia agus a rinne drochrudaí.—Léigh Salm 37:29; Gníomhartha 24:15.
Beidh na daoine a gheobhaidh aiséirí in ann an fhírinne faoi Dhia a fhoghlaim agus dílseacht a thaispeáint d’Íosa trína bheith umhal dó. (Apacailipsis 20:11-13) Beidh na daoine a thagann ar ais agus a dhéanann rudaí maithe in ann sult a bhaint as an saol ar an talamh go deo.—Léigh Eoin 5:28, 29.
5. Céard a insíonn an t-aiséirí dúinn faoi Iehova?
Thug Dia dóchas maidir leis na mairbh nuair a thug sé a mhac le bás a fháil ar ár son. Mar sin tugann an t-aiséirí léargas dúinn ar ghrá Dé. Sin cineáltas nach bhfuil dlite dúinn. Nuair a thiocfaidh na mairbh ar ais ar an saol, an bhfuil duine ar leith ar mhaith leatsa a fheiceáil?—Léigh Eoin 3:16; Rómhánaigh 6:23.