An Bhfuil Ainm ar Dhia?
Freagraíonn an Bíobla
Tá ainm pearsanta ar gach duine. Mar sin, nach ndéanann sé ciall go mbeadh ainm ar Dhia? Bheadh sé an-deacair againn cairdeas a chothú le duine mura mbeadh a fhios againn a ainm pearsanta. Más linn cairdeas a chothú le Dia, ní mór dúinn a ainm a úsáid.
Deir Dia sa mBíobla: “Mise, arb é an Tiarna [Iehova a] is ainm dom.” (Íseáia 42:8) Cé go bhfuil go leor teidil luaite le Dia mar shampla: “Dia Uilechumhachtach,” “Tiarna,” agus ‘Cruthaitheoir,’ tugann Dia cuireadh dóibh siúd a adhrann é, a ainm pearsanta a úsáid.—Geineasas 28:3; Lúcás 2:29; 1 Peadar 4:19.
Úsáideann go leor aistriúcháin den Bhíobla ainm pearsanta Dé in Eaxodus 6:3. Deir an scrioptúr sin: “Agus do tháisbéin mé mé féin do Abraham, agus do Isaac, agus do Iácob, a nainm Dé uile chumhachduigh, achd ann mainm IEHOBHAH níor bhaithne dhóibh mé.” (An Biobla Naomhtha, le Uilliam Bhedel)
San Eabhrais a scríobhadh an chéad chuid den Bhíobla, teanga a léitear ó dheis go clé. Sa teanga sin, tá an t-ainm diaga scríofa ag úsáid cheithre chonsan, יהוה. Tugtar an Focal Ceatharlitreach ar na ceithre litir Eabhraise sin—traslitrithe mar YHVH sa nGaeilge. Is mar Iehova a litrítear ainm Dé sa lá atá inniu ann.
a Tá an t-ainm diaga aistrithe mar “an Tiarna” in An Bíobla Naofa (féach an réamhrá ar leabhar Eaxodus, faoi An Peintiteoch—Brollach.)